An Cheathrú Rua, IE
An Ghluaiseacht
Ar ais Back

02.03 — Leabhair Books

An Ghluaiseacht

Cló Iar-Chonnacht · 2024

Gearrliostáilte — Gradam Uí Shúilleabháin 2025Shortlisted — Gradam Uí Shúilleabháin 2025

In 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d'athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga.

Tugann an leabhar seo le chéile den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a d'athraigh an Ghaeltacht ó bhun.

In 1969, a protest against the recording of a TV quiz show in the west of Ireland quickly escalated into a movement that led to baton charges, bombing allegations and an attack on the Taoiseach's car.

More significantly, it led to the reshaping of the future of the Irish language and of the communities in which the language was still the daily spoken form of communication.

The story of Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta [Gaeltacht Civil Rights Movement] is captured in An Ghluaiseacht, published by Cló Iar-Chonnacht in 2024.

"A highlight [of 2025] is Rónán Mac Con Iomaire's An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta... Mac Con Iomaire writes like a novelist, ensuring the history is riveting."

— Eilís Ní Dhuibhne, Irish Times

"Is cur síos cuimsitheach, so-léite, sár-scríofa é 'An Ghluaiseacht'. Cuireann stíl Mhic Con Iomaire Sebastian Junger, údar an 'A Perfect Storm', nó stábla scríbhneoirí an New Yorker i gcuimhne domh. Is aoibhinn liom mar éiríonn leis an údar sinn a chur i lár an aicsin agus é ag cur síos ar tharlúintí na linne. Pléisiúr (fada, 400+ leathanach) 'An Ghluaiseacht' á léamh."

— Máirtín Ó Muilleoir, Andersonstown News

"Níl aon amhras ormsa ach gur leabhar í seo a mbeidh mise ag póirseáil inti go minic agus déarfainn gur beag teach i gConamara nach mbeidh sí ann an Nollaig seo agus is maith an oidhe sin ar an dream a spreag í. Is iontach go deo an chomaoin atá curtha ag Rónán Mac Con Iomaire orainn an t-ábhar seo a chur i gceann a chéile. Nach ait go bhfuil dream óg eile in 2024 ag éileamh cuid de na cearta céanna?"

— Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie