Fonn: Pluid Dhorcha Leára
Ó, a chairde Gael,
Fan go gcloisfidh sibh scéal
Faoin bhliain seo atá caite agam trí chéile
Gan pingin agam ag teacht isteach
Ach go síoraí ag íoc amach
Agus go dona agam luach a cheannódh greim béile
Thosaigh an bhliain go maith,
Mé ag baint tairbhe as an rath
Ag tógáil mansions ar fud Chonamara
Ar dhá euro caoga an bloc
Gur thit rudaí ina gcac
Agus gan gnó anois agam don lián ná don bharra
Agus nuair a thosaigh an Anglo-Irish
Mo thabhairt chun cúirte ar thóir saibhreas,
Bhí a fhios agam go raibh ioncam nua ag teastáil
Jab le stádas agus seasamh
Agus b'fhéidir deis coimhlint leasa
A chinnteodh neart tithe agam le tógáil
Is ansin a chuimhníos
Go raibh toghcháin ag teacht aníos
Céard a sháródh ról mar Chomhairleoir Contae?
Le pá a bheadh buan
Agus costaisí faoi rún
Dhá mbeinn tofa, le mo chuid trioblóidí bheinn réidh
Bhí plean agam do m'fheachtas
Nach mbeinn i bhfad ag dul i gcleachtadh
Ar a bheith ag déanamh gealltúnais áiféiseacha aisteach
Gheallfainn go mbeadh deontais Gaeltachta ann ariamh
Gheallfainn freagraí díreach ó Ó Cuív
Gheallfainn Samhraidh gan gaoth ná báisteach
'S nuair a gheobhainn mé féin istigh
Ní rún a rithfinn ach fiche
Go mbeadh athzónáil déanta ar fud Chonamara
Thógfainn óstáin i Seanacamheas
Ba chuma muna mbeidís an-deas
'S nach skyscrapers atá de dhíth orthu i gCarna
Nuair a bheinn réidh le hAill na nGraí
Ni bheadh a shamhail ach Dubai
Thógfainn tithe go mbeidís ag cuimilt na spéire
Ni bheadh aon chuid de Chonamara
Nach mbeadh curtha agam faoi thearra
Dul chun cinn a dtuigeann sibh, a d'fhágfadh agamsa euro no péire
Zónáilfinn casinos ar an Máimín
Thógfainn condos ar an Tuairín
Dea-nuacht d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Mar go mbeadh croupiers le cáiliú
Agus cúrsaí chun concierges a sholáthrú
Le go ndéanfainn Vegas den Spidéal de réir a chéile
Bheadh m'fheachtas go hálainn
Ní bheadh aon bhlas nach ngeallfainn
Sásamh saoil ar vóta céad rogha
Ar vóta a haon nó uimhir a dó
Gheallfainn uimhreacha an Lotto
Gheallfainn pórtar, gheallfainn leigheas ar an bpóit duit
Bheinn ar raidió is ar teilí
Ní bheadh tada ag Machiavelli
Ar na sceana a bheadh feannta agam go síoraí
Bheinn chuile lá ar Iris Aniar
Ag inseacht scéalta nach raibh fíor
Agus ag cur an pionna i mo chuid co-iarrathóirí
Ar Sheosamh Ó Cuaig
Sea chuirfinn an ruaig
Agus bheadh Seán Ó Tuairisg é féin fágtha gan vóta
Bheartaigh mé Connie Ní Fhátharta
A ghlanadh amach i nDoire Fhearta
'S ní fheicfeadh méit Ruairí Ó Brádaigh aon chuóta
Thosaigh mé ag stocaireacht
Ach sé'n chaoi chríochnaigh mé ag cocaireacht
Le chuile shean-leaid ar fud Chonamara
"An gcuirfidh tú teara ar mo bhóthar?"
"Tyre nua ar mo rothar?"
Bhí fear amháin ag lorg strip joint i gCarna
Ach Ros Muc a bhrú
An t-éileamh ba mhó
A chuir ormsa fonn múisce agus alltacht
"Níl an teanga seo go maith", a deir siad
"Tá an Ghaeilge gan rath" a deir siad
Tá muide ag iarraidh dul isteach ins an nGalltacht
Gheall mé i Muighnis
Go dtógfainn highway go Fínis,
Bhí Leitir Móir ar thóir neamhspleáchas
Chuirfinn traein soir Conamara
Chomh fada le Bearna
Agus go Gaillimh nuair a d'fhilleadh an rachmas
Mhionnaigh mé in Inis Bearacháin
Go mbronnfainn stádas saor ó cháin
Bheadh sé ina Cayman Islands amach ó Leitir Caladh
Agus nuair a cheistigh mo fhreasúra
Céard a d'íocfadh as mo chuid pleananna
Ní raibh mé i bhfad ag caitheamh corr spaladh
Josie Cooke, níl ionad ach Red
Tá níos mó polasaithe ag Father Ted
Ní túisce neamhspleách ná Fianna Fáil Séamus Breathnach
Agus má chloisim aon chaint faoi pholasaí teanga
Nó coinníollacha Gaeilge, beidh mé le ceangal
Sé'n chaoi go bhfágfaidh siad sin muid ar ais ag baint chreathnach
Bhí mo chuid postaeraí go breá
Chroch mé leath-chéad nua acu chuile lá
Bhí mo theachtaireacht intuigthe ar fud chuile bhaile
"Vote number one for me
And I'll look after you, Tír an Fhia"
Ní raibh ceist ar bith go bhféadfainn an toghchán seo a chailleadh
Tháinig lá an vóta mór
Hireáil mé bus Noel Phat Mór
Gur fholmhaigh mé chuile theach altranais siar ó Ghaillimh
Gealladh gur vóta a haon domsa a thabharfaidís
Agus péire dá bhféadfaidís
Nar gealladh trí chuóta dom níos gaire do bhaile
Maidir le mo chuid gaolta 's
Nach raibh an oiread vótaí ann a thoghfadh rialtas
Agus ba agamsa ar fad a bhí siad geallta
Mar gheall mé jabanna agus cead pleanála dóibh
Chomh maith le junkets amach go dtí an Róimh
B'fhurusta a chinntiú go raibh a dtacaíocht meallta
Bhuel, tháinig lá an chomhairimh
Bhí mé cinnte de scór vóta i nGleann an Fhir Mhairbh
B'fhada liom go n-oscólfaí na boscaí
Thug mé liom beirt fhir mhóra ón tSualainn
Le nach dtitfinn anuas óna ngualainn
Nuair a chrochfaí in airde mé ar uair an bhuacaí
I gceantar An Cheathrú Rua a hAon
Bhí boscaí a líon
Le mo chuid vótaísa amháin, bhí mé cinnte
Ach trí vóta a bhí ann
Mé féin is mo bhean
Cé acu m'athair nó mo mháthair a thréig mé?
Aon vóta déag
A fuair mé i Leitir Móir na mbréag
Cé gur gheall mé teach parlaiminte breá dóibh
Nar mhionnaigh Nioclás Ó Conchubhair
Go mbeinn tofa le sochar
Ach más ea, ní fhaca mise aon mhóramh
Agus téigh go dtí deabhal, Iorras Aithneach,
Ní fheicfidh sibhse ach raithneach
An chupóg in áit an chasino
Nuair a thug sibh droim láimhe dom
Le bhur seacht vóta súrach lom
Chinn sibh nach blackjack a bheadh sibh ag imirt ach bingo
Ó, tá an pholaitíocht lofa
Nuair a fágadh mise gan bheith tofa
Fear níos ionraicí riamh níor sheas os comhair daoine
Nach ar mhaithe libh a chuir mé mé féin chun cinn?
Agus cén dochar dá ndéanfainn féin corr phingin?
Tuilleadh diabhail agaibh, tá sé mall a bheith mo chaoineadh
Cibe é, tá rudaí anois feabhsaithe
Tá mé ar ais ar na cigars agus brandy
Mo ghrá thú, a Bhrian Lenihan, a leanna
Mar tá mo chuid fiacha anois maite
Cuma cén t-airgead atá caite
Níl aon rógaire againn nach bhfuil slánaithe ag NAMA