An Táilliúir Luasmhar (2025)
Duine 1:
Anois, don ghlaoch ar ais, má tá sibh ann
Comórtas faoi 35, Sean-Nós na mBan
Nic Dhonncha, Ní Mhurchú, Seoighe, Ní Laoi,
Ní Chinnéide, Ní Chéidigh, tá sibh dul ar aghaidh
Duine 2:
Hi, 'gus céard fúmsa, níor chuala mé Nic Luasmhar
Duine 1:
Tá brón orm a leanna, níl t'ainm in uachtar
Duine 2:
Nic Luasmhar, Táilliúr? caithfidh sé go bhfuil mé ann
Mar níl aon amhránaí níos fearr ná mise ar domhan
Duine 1:
Táilliúr Nic Luasmhar, an t-amhránaí is fearr ar domhan?
Nach ar bhuaiteoir Chorn Ui Riada a thiteann sé sin mar choróin?
Sea, Gearóidín Breathnach, an t-amhránaí is fearr agus is mó meas
Agus maidir leatsa, Nic Luasmhar, ní bhfuair tú fiú glaoch ar ais
Duine 2:
Táilliúr Nic Luasmhar, ní athníonn tú mé?
Shake It Off, Willow, duet le Lana del Ray
Is mise Taylor Swift, réalt mór na haoise
Scaoil suas ar an stáitse mé mar seo'd é mo oíche
Duine 1:
Taylor Swift, by Dad?! Aithním anois thú, tá's ag a lá
Ach céard sa diabhal atá tú ag déanamh anseo?
Thuas i mBéal Feirste ag Oireachtas na Gaeilge
Ag casadh amhráin sean-nóis, más go dona féin ea?
Duine 2:
Tháinig mé anseo, ar thóir mo mhíle grá
Dúirt sé go mbeadh agam, ach amhrán a rá
D'fhoghlaim mé an 300 véarsa d'amhrán Úna Bhán
Ach gan glaoch ar ais, cén mhaith dhom ann
Duine 1:
Ach nár cheap mé go raibh tú geallta 's i ngrá?
Le Travis Kelsie na Kansas Chiefs, 'gus a fhéasóigín breá
Bhfuil tú ag rá liom anois nach bhfuil do chroí gafa?
Agus go bhfuil Travis bocht caite agat isteach sna fataí lofa?
Duine 2:
Cá dtosóidh mé anois, tá sé cineáilín casta
Sea, Páirc an Chrócaigh, don lá mór a bhí blasta
Nuair a chonaic mé mo laoch ag léimt mar a bheadh Rí
Nuair a rug sé ar an liathróid agus rug sé ar mo chroí!
Duine 1:
Nár cheap mé gur san Aviva a bhí do cheolchoirm mór
Céard é seo faoi Pháirc an Chrocaigh, ní ansin a bhí do Tour?
Duine 2:
Ní ceol, a stór, ach peil, bhí mé sa Hogan don bua
A d'fhág gur thit mé i ngrá le buachaill ón gCeathrú Rua
Duine 2:
Bhí mé ann, an dtuigeann tú, do chluiche ceannais sóisir na hÉireann
Mar go raibh m'eitilt go Meiriceá curtha in aer ag Stoirm Eowyn
Chuaigh mé go Páirc an Chrócaigh áit ar chuir imreoir mé faoi gheasa
Agus tá mé ar mo dhícheall ó shin ag iarraidh a chroí siúd a mhealladh
Duine 1:
Bhfuil tú ag rá liom gur thit Taylor Swift, bean níos mó cáil ná aon duine eile
I ngrá le fear as Conamara mar gur ghrú sé cluiche peile?
Agus céard a d'fhág anseo thú, níl míniú ar bith agam ar sin fós
Go bhfuil tú ag an Oireachtas ag cur dance routines le sean-nós?
Duine 2:
Dúirt sé nach raibh aon deis aige titim i ngrá
Idir peil agus báid, ní raibh am aige do mhná!
Agus ar aon nós, a deir sé, beag beann ar do chuntas banc
Cén fáth sa deabhal go date-áilinse Yank?!
Gheall mé dó go bhféadfainn bheith níos Gaelí ná na Gaeil
Thachtóinn ronnach, ghróigfinn móin, chasfainn poirtíní béil
Ach ní bheadh aon mhaith ann, a deir, tá a fhios ag mac Dé Dílis
Mura gcasfóinn amhrán ar an sean-nós chomh maith le Sarah Ghriallais
Duine 1:
Bhfuil tusa as do mheabhair, nó an bhfuil do chloigeannsa i gceart?
Ag casadh amhráin sean-nós ar mhaithe le bheith ag mealladh fear
Nach bhfuil glór agat, is ór agat, is billiún Spotify stream?
Cén mhaith dhuit fear as Conamara, nach ndéanfadh tada ach ligean braoim!
Duine 2:
Bhuel, ní raibh mé iomlán cinnte faoi fhir as Conamara
Chuaigh mé i mbun taighde go bhfeicfinn cén chaoi a mbeidís mar chara
Bhí cineál imní orm nuair a chonaic mé an eiseamlár a bhí romham
An réalt teilifíse is mó acu, Tadhg as Ros na Rún?
Duine 1:
Cnámhaire, caimiléara, sin gnáth-fhear as Conamara
Ach ní bheinn ag braith ar Ros na Rún dá mbeinnse ar thóir cara
Chuireadh Tadhg spéis ionat cinnte, nó i do shaibhreas i ndáiríre
Agus dhíoladh seisean piontaí dá mbeadh gig tí Thadhg agat chuile Aoine
Duine 2:
B'fhéidir gur fearr dom filleadh abhaile agus mo shaibhreas a úsáid ceart
Thaitin an tOireachtas go mór liom fiú mura ndearna mé an beart
Beidh mé istigh arís air, ach ní bheidh mé ag taisteal go Ciarraí
Mar go gceannóidh mise an tOireachtas agus é a aistriú go Nashville, Tennessee!